Cad E Sin Don Te Sin
Key: F
Verse
Má Fmthéimse chuig áirnéal is Abrince is Ebspórt.
Chuig Fmaonach is Bbmrásaí's Fmgach cruinniú Cmdan tsórt,
Má Fmtím daoine súgach's Abmá bhím Ebsúgach leo,
O, cad Fmé sin Bbmdon té Fmnach Cmmbaineann Fmsin dó? (ter)
Chorus
Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo,
O, cad é sin don té nach mbaineann sin dó?
Má tím daoine súgach's má bhím súgach leo,
O, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? (ter)
Verse
Má théim'na coille craobhaí, 'cruinniú sméara nó cnó,
'Bhaint ulla de ghéaga nó bhuachailleacht bó;
Má shínim seal uaire faoi chrann'deanamh só
O, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? (ter)
Verse
Chuaigh mé chun aonaigh is dbiol mé mo bhó
Ar chúig phunta airgid's ar giní bhuí óir;
Má ólaim an t-airgead's má bhronnaim an t-ór...
O, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? (ter)
Verse
Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh,
Gan earra ná eadáil, gan bólacht nó stór,
Má tá mise sásta'mo chónai i gcró...
O, cad é sin don té nach mbaineann sin dó? (ter)